Youghal GAA Notes.
home / Youghal GAA Notes.
Tionól na hEochaille
20-21 Eanáir 2023
Ionad: Imperial Hotel, 27 Príomhshráid Thuaidh, Eochaill*
arna eagrú ag Conradh na Gaeilge, Eochaill.
Oíche Aoine 20 Eanáir
1. Fáiltiú agus féile 7.30. Taispeántas leabhar Annraoi Uí Liatháin, údar (1917-1981)
2. Caint: Diarmaid Ó Drisceoil ag cur síos ar an scannán ‘Cois Móire,’ a bhí ar TG4 le déanaí…cé mar a socraíodh ar an scannán a dhéanamh, na dúshláin a bhain leis agus na torthaí a tháinig as.
Ceol agus caidreamh 10.00
Maidin Sathairn 21ú
1. Gearrchaint na maidne le caife agus tae, 10.30-11.00
2. Caint,11.15: Tony Ó Floinn: ‘Pádraig Phiarais Cúndún (1777-1857) – Feirmeoir, Fear Teaghlaigh agus File.’
3. Lón 12.45-1.45
Tráthnóna Sathairn
1. Caint 2.00 p.m. Liam Ó Riain, ‘Seán Ó Dúnaighe, (1881-1960) údar Gaelainne ón Aird Mhór.’
Cainteoirí: Diarmaid Ó Drisceoil: Léirtheoir clár teilifíse de dhúchas Oileán Chléire; údar dhá leabhar lena dheartháir Dónal; múinteoir a chaith tréimhse fada ag teagasc i Mainistir na Corann.
Tony Ó Floinn: Déiseach ón nGall Tír ach cónaí air i gCarraig Thuathail; léachtóir Gaelainne é in Ollscoil Luimní, Campas Phádraig, Dúrlas Éile; tráchtas dochtúireachta déanta aige ar Phádraig Phiarais Cúndún.
Liam Ó Riain: Oide scoile i nGaelscoil Chóráin, Eochaill; fear taighde agus scríbhneoir; aisteoir ón SeanPhobal é.
*Is oth linn nach mbeidh leaba na hoíche ar fail de bharr muintir na hÚcráine a bheith ag cur futhú san óstán. Ach beidh na seirbhísí eile go léir ar fáil.