Ceiliúradh na Gaeilge

11 November, 2010

Ceiliúradh na Gaeilge

Beidh Oíche Mhór “Ceiliúradh na Gaeilge”, faoi choimirce Ghael-Taca, ar siúl in Óstán Maryborough san Dúghlas ar an Aoine 19 Samhain, le ceol is amhráin agus aoíchainteoir speisialta. Cuirfear céad míle fáilte romhat, is cumadh tú líofa nó ar bheagán Gaeilge.

“Beidh cuimhne ag mórán ar an sár oíche a bhí againn anuraidh,” adeir Áine Ní Shléibhín, Oifigeach Forbartha Ghael-Taca, “an chéad uair againn oíche dá leithéid a chur ar siúl, agus geallaim go mbeidh oíche na bliana seo nios fearr fós”.

An banna “Poc ar Buile” a bheidh i mbun ceoil, dream bríomhar ceolmhar a chuirfidh ag canadh thú lena gcuid amhráin Gaeilge, agus dár ndóigh déanfar beagán rince comh maith. Beidh aoíchainteoir líofa, spreagúil ann le dóchas is bród a mhúscailt ionainn.

Sár oíche mar sin, agus blaiseadh beag bídh, agus é seo go léir ar chostas €10 an duine. €7 do mhicléinn.

Tugann ócáidí den saghas seo deis do dhaoine len a bheag nó a mhór de Gaeilge bheith i dteannta a chéile agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh i gcomhluadar cheolmhar thaitneamhach”.

Is féidir ticéid a fháil ag Oifig Ghael-Taca 20 Sráid an Chóibh, Corcaigh (bun Sráid na Beairice) nó cuir glaoch orainn ar 021 4310841, nó féach www.gael-taca.com Cuireann Gael-Taca eolas ar fáil faoi imeachtai Gaeilge ar fud cathair is contae Chorcaí.

*************************************************************************

An Cúinne Gaeilge

Gach Céadaoin ins an Farmgate Café, Margadh na Sacsan i gCorcaigh, cuirfear fáilte romhat bheith linn don Chúinne Gaeilge. Tugann an Cúinne Gaeilge deis do dhaoine bualadh le chéile agus a cuid Gaeilge a chleachtadh, is cuma ar bheagán nó ar mhórán Gaeilge thú. Bí linn gach Céadaon idir 3.30 – 5.00 a chlog i.n., i gcomhair tae, café agus cairdeas. Beidh fáilte romhat. Irish Language Corner every Wednesday in the Farmgate Café, English Market @ 3.30 p.m. Come along and practice your cúpla focal among friends.

Leathanach Gael-Taca ins an Echo:

Beidh Leathanach Gael-Taca ins an Echo ar an Satharn 6ú Samhain.

Clár Raidió Gael-Taca:

Craolann Gael-Taca clár raidió ar 4 a chlog gach tráthnóna Déardaoin, an t-aon clár Gaeilge i gCorcaigh. Tá súil againn dar ndóigh go bhfuil lucht éisteachta againn i measc pobal Gaelach na cathrach. Cloistear an clár ar Campus Radio U.C.C. 98.3 FM agus ar an Idirlíon. Istigh sa chlár, cloisfidh tú ceol is comhrá is agallaimh le daoine suimiúla. Cuir scéala chugainn le do thuairim den clár.

Craoltar an clár arís ar C.U.H, Raidió na hOllscoile 102 Fm ar 10.50 maidin Aoine is Luain; ar C.R.Y. Eochaill 104 FM agus ar an Idirlíon ; agus ar Raidió Fáilte Béal Feirste ar an Idirlíon Dé hAoine ar 5 i.n. Má tá fonn ort cuidiú linn, agus taithí a fháil in obair raidió, cuir glaoch orainn ar 021 4310841.