TIONÓL OIRTHEAR CHORCAÍ

20 December, 2018

TIONÓL OIRTHEAR CHORCAÍ

Tórramh an Bhairille...

Óstán Old Imperial

27 An Phríomhshráid Thuaidh, Eochaill www.theoldimperialhotel.com (024)92435

11 ~ 12 Eanair 2019

Fáilte roimh chách

 

An Clár

Dé hAoine 11/01

19.30 Teacht le chéile

19.45 Oscailt le Liam Suipéil, Iar-Bhainisteoir Choláiste na Rinne

20.00 ~ 21.00 léacht (1) Pádraig Phiarais Cúndún: súil siar, súil chun cinn leis an Dr. Neil Buttimer

21.30 ~ ceol traidisiúnta i mbeár an Óstáin

Dé Satharn 12/01

10.30 ~ 11.15 tae/caifé & gearrchaint ar Tionchar na Gaeilge ar Eochaill le Séamus Ó Máille

11.30 ~ 12.15 cuairt ar Gheata an Chloig le hEdel Uí Eachtigheirn

12.30 ~ 13.45 briseadh lóin

13.45 ~ 14.00 cur i láthair ar Tarrtháil Chróga le hAingeal Uí Dhomhnaill

14.00 ~ 15.00 léacht (2) An Stíl Fhiannach: Léas ar saothar Sheáin Uí Dhreada 1771 ~ 1840

leis an Dr. Stiofán Ó Cadhla

15.00 ~ 15.30 plé oscailte + tae/caifé + seoladh Feasta

15.30 scor

Lóistín Is féidir praghas a fháil agus áirithint a dhéanamh díreach leis an óstán

Tabharfaidh an t-óstán ráta ar leith d’aoíonna, ach an tionól a lua

Óstán Old Imperial, 27 An Phríomhshráid Thuaidh, Eochaill, Co. Chorcaí www.theoldimperialhotel.com (024)92435

eolas breise Liam Ó Laochdha (086)325 8271 olaochdha.l@gmail.com

Séamus Ó Máille (086)377 9071 jkomalley@eircom.net Donnchadh Ó hAodha (087)242 1267 d.ohaodha@ucc.ie

www.dailnamumhan.ie

-------------------------------------------------------------------------------------------------------

Pádraig Phiarais Cúndún: súil siar, súil chun cinn Pádraig Phiarais Cúndún (1777~1857)

Ón Seanachoill i bParóiste Bhaile Mhac Óda é an Cúndúnach. Léiriú ar an scríbhneoir fíor-spéisiúil seo agus cad ab fhéidir a fhoghlaim ina thaobh feasta.

An Dr. Neil Buttimer:

Tá Neil Buttimer ina léachtóir le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Is spéis leis an cultúr Gaelach roimh an Gorta Mór, réimse a bhfuil aistí agus tráchtaireacht dá chuid i gcló air. An fhianaise théacsúil chuige is mó is cás leis, agus go háirithe na bealaí chun léamh ar an bhfianaise chéanna lena shuíomh ina chomhthéacs comhaimseartha.

Tionchar na Gaeilge ar Eochaill

Séamus Ó Máille

Iarmhúinteoir meánscoile a chaith tréimhsí i mbun teagaisc i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath sular thug sé aghaidh ar an “Ríocht “- 27 bliana caite aige i gCill Orglain. Scríobhann sé alt míosúil i bhFeasta -'Dialann Dúlra.'

Tarrtháil Chróga

Cuntas gairid ar longbhriseadh i gceantar Eochaille i 1963. B’as An Orient sa Bhriotáin a sheol an Fée des Ondes. Bhí an cuntas i gcló sa Linn Bhuí ,2018 lgh. 169~172.

Aingeal Uí Dhomhnaill, údar an ailt, a thabharfaidh cur síos gairid ar an eachtra.

Cuairt ar Gheata an Chloig (Clúdóigh coiste eagraithe an tionóil an costas iontrála)

Baile stairiúil is ea Eochaill. Téann trácht ar an mbaile siar go dtí na meánaoiseanna.

Tabharfar cuairt ar an nGeata cáiliúil seo faoi threoir ag Edel Uí Eachtigheirn.

An Stíl Fhiannach: Léas ar saothar Sheáin Uí Dhreada 1771 ~ 1840

Súil a chaitheamh – le cabhair pictiúir – ar chúpla gné d’obair an scríobhaí agus an tsníodóra cloch ón Mhín Uachtair, Seán Ó Dreada.

An Dr. Stiofán Ó Cadhla

File agus Ceann Roinn an Bhéaloidis aagus na hEitneolaíochta, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

------------------------------------------------------------------------------------------------------

Beidh táille €5 sa ló ar na himeachtaí - le bhúr dtoi